‘Bhí na fóin phóca ag bualadh sa rubble thíos fúm’: Cuimhní ó 9/11

independent.ie · world

Ba é an t-ionsaí ba mharfaí i stair Mheiriceá. Ar an 9ú lá de mhí Mheán Fómhair 2001, bhuail dá eitleán isteach sna Twin Towers in Manhattan, Nua Eabharc. Bhí na mílte duine ag obair iontu ag an am. Tharla na hionsaithe i gcroílár na cathrach a ba ghnóthaí sa tír, ar ghnáthlá oibre, gan aon rabhadh. Maraíodh beagnach trí mhíle duine sa tubaiste a thit amach. Chonaic milliúin de dhaoine an t-uafás seo ag titim amach beo ar an teilifís. Spreag na hionsaithe cogaí san Afganastáin agus in Iaráic. Chuaigh SAM sa tóir ar cheannaire Al-Qaeda Osama bin Laden go láithreach agus mhair an toraíocht i bhfad. D’athraigh imeachtaí 9/11 slándáil an aerthaistil ar fud an domhain go deo. Anois, 25 bliana ar aghaidh ó ionsaíodh an tIonad Trádála Domhanda, cad é an lorg a d’fhág 9/11 orainn? Ar Seachtain tugann Pearse O’Reilly a chuntas pearsanta féin den lá tragóideach sin agus faoin tionchar a bhí a bhí ag 9/11 ar Nua Eabhrac ina dhiaidh sin. Foclóir:Greanta: Engraved Eispéireas: Experience Mí-ádh: Misfortune Dúshlán: Challenge Sa deireadh thiar thall: Eventually Greamaithe: Stuck Ionsaí sceimhlitheoireachta: Terror attack Faitíos: Fear Smionagar: Rubble Tubaiste: Carnage Deatach: Smoke Ganntanas: A lack of Misneach: Courage Gaolta: Relatives Cogadh Domhanda: World War Uafás: Horror Sáinnithe: Stranded 

Read full article →